Íseáia 42 ABN

Céad Amhrán Ghiolla an Tiarna

1 Seo é mo ghiolla a bhfuil mé ag tabhairt taca dó,mo rogha a bhfuil páirt mo chléibhe leis.Tá mo spiorad curtha anuas agam airchun go bhfoilsí sé an ceart do na ciníocha.

2 Glaoch ná gáir ní chuireann sé as,ná ní chloistear a ghlór sa tsráid amuigh.

3 Ní bhriseann sé an sifín brúite,ná ní mhúchann an lasair chreathanach.Soláthraíonn sé an ceart go dílis,

4 ní chreathann sé féin ná ní bhrúitear síos énó go mbeidh an ceart bunaithe ar talamh,óir tá críocha na farraige ag dréim lena reacht.

5 Is amhlaidh a deir an Tiarna Dia,an té a chruthaigh na spéartha agus a spréigh amach iad,a phasáil amach an talamh agus a thug toradh ann,a chuir anáil sna daoine atá ina gcónaí airagus meanma sa dream a shiúlann é:

6 Mise, an Tiarna, ghlaoigh mé ort san fhíréantacht,rug mé ar láimh ort agus rinne mé thú a mhúnlú,agus cheap mé thú i do chonradh leis an bpobalagus i do sholas do na ciníocha,

7 chun súile na ndall a oscailt,chun na cimí a scaoileadh as an gcarcairagus as an bpríosún an dream atá ina suí sa dorchadas.

8 Mise, arb é an Tiarna is ainm dom,ní ligfidh mé mo ghlóir le haon dia eilená m'onóir leis na híola.

9 Na fáistiní túis, seo tagtha chun críche iad.Anois tá rudaí úra á bhfoilsiú agam;sula dtagann siad i ngeamhar, tá siad á bhfógairt agam.

Duan Bua

10 Canaigí don Tiarna amhrán úr!Moladh leis ó cheann ceann na talún!Móradh an fharraige é agus gach a bhfuil ann,insí na farraige agus a muintir go léir!

11 Ardaíodh an fásach agus a chathracha a nglór,agus na campaí mar a gcónaíonn clann Chéadar!Tógadh muintir Charraig Sheala liúagus gártha ar mhullach na mbeann!

12 Tugadh siad glóir don Tiarnaagus in insí na farraige déanadh siad a mholadh!

13 Tá an Tiarna ag triall amach mar bheadh laoch ann,tagann riastradh air mar a thiocfadh ar ghaiscíoch;cuireann sé an gháir chatha as, tógann sé liú,agus ar aghaidh leis ina laoch i gcoinne a naimhde.

14 “Le fada riamh bhí mé i mo thost,d'fhan mé ciúin agus choinnigh smacht orm féin...Ach anois tá mé ag olagón ar nós mná seolta,tá cneadach agus saothar anála orm.

15 Tá mé ag dul sléibhte agus cnocáin a chríonadhagus a nduilliúr ar fad a sheargadh;déanfaidh mé locháin dá n‑aibhneachaagus triomóidh mé a linnte go léir.

16 Ach treoróidh mé na daill ar an mbealach móragus deánfaidh mé iad a chinnireacht ar bhóithre nach eol dóibh.Athróidh mé an dorchadas ina sholas rompuagus cosáin chama ina siúlóid réidh.Sin iad na gealltanais a chomhlíonfaidh mé,ní bheidh dul siar orthu.”

17 Druidfidh siad ar gcúl agus náire orthu,iad siúd a bhfuil a muinín in íola,iad siúd a deir leis na dealbha leáite seo:“Sibhse ár ndéithe.”

Daille an Phobail

18 Sibhse atá bodhar, éistigí anois!A dhalla, breathnaígí go bhfeice sibh!

19 Cé atá dall, murab é mo shearbhónta é,nó cé atá chomh bodhar leis an teachtaire a chuir mé uaim?Cé atá chomh dall le fear muiníne Dénó chomh bodhar le giolla an Tiarna?

20 Chonaic tú mórán gan sonrú a chur ann,bhí do chluasa ar oscailt gan dada a chloisteáil!

21 Is áil leis an Tiarna, ar son na fíréantachta,a reacht a mhóradh agus a onórú.

22 Ach is pobal é seo a creachadh agus a scriosadh,tá siad go léir sáinnithe i bprochógaagus faoi bhraighdeanas i bpríosúin.Táthar á gcreachadh agus gan duine lena saoradh,á slad agus gan duine lena rá: “Tabhair ar ais é.”

23 An bhfuil aon duine in bhur measc ag éisteacht?Aon duine a chuirfidh cluas air le haghaidh an am atá ag teacht?

24 Cé thug Iacób ar láimh don chreachadóiragus Iosrael do lucht a scriosta?Nárbh é an Tiarna é? Ó rinne muid peaca ina aghaidhagus nár mhian linn a bhealaí siúd a leanúint,ná éisteacht lena reacht.

25 Sa dóigh gur dhoirt sé fraoch agus fearg airagus fíoch an chogaidh.Agus chuir an fhearg sin trí thine é thart timpeall gan fhios dó,loisc sí é, agus ní dhearna sé a mhachnamh air.