Íseáia 51 ABN

Slánú Chlann Abrahám

1 Éistigí liom, sibhse go léir atá ar lorg an chirt,atá ag iarraidh an Tiarna.Breathnaígí an charraig as ar gearradh sibh,agus an cairéal ar tochlaíodh sibh amach as.

2 Breathnaígí Abrahám bhur n‑athairagus Sárá a thug ar an saol sibh.Óir bhí sé ina aonar nuair a ghairm mise éagus bheannaigh mé é agus rinne mé líonmhar é.

3 Is ea, tá trua ag an Tiarna do Shíón,tá trua aige di ina ballóga ar fad mar atá.As an díthreabh sin aici déanfaidh sé Éidin,agus as a gaineamhlach gairdín don Tiarna.Cloisfear gártha áthais agus lúcháire ann,altú buíochais agus siansa ceoil.

Breith ar an Domhan

4 Tugaigí aird orm, a chiníocha;a náisiúna, cuirigí cluas oraibh le héisteacht liom.Óir is uaimse a thagann an reachtagus beidh mo bhreithiúnas ina sholas do na ciníocha.

5 Tabharfaidh mé mo cheart i láthair go tobann,tiocfaidh mo shlánú ar nós an tsolais.Tá mo lámh ar tí breith a thabhairt ar na ciníocha.Tá súil ag insí na farraige liomagus iad muiníneach as neart mo láimhe.

6 Ardaígí bhur súile i dtreo na spéireagus breathnaígí ar an talamh síos.Scaipfidh na spéartha ar nós deataigh,imeoidh an talamh ina scifleoga mar a bheadh giobal éadaigh ann,gheobhaidh lucht a áitrithe bás ar nós na míoltóg.Ach mo shlánúsa, beidh sé buan,agus mo chumhacht chun cirt ní rachaidh i léig.

7 Éistigí liom, sibhse a bhfuil eolas an chirt agaibh,a phobal a mheabhraíonn mo dhlíthe in bhur gcroí.Ná bíodh eagla oraibh roimh mhasla daoinená anbhuain de bharr a gcuid achasán.

8 Óir creimfidh an leamhan iad ar nós giobal éadaigh,mar bheadh olann iontu íosfaidh na péisteoga iad.Ach mo chumhachtsa chun cirt, mairfidh sí buanagus mo shlánú ó ghlúin go glúin!

Múscailt an Tiarna

9 Múscail, múscail, cuir umat do neart,a lámh an Tiarna,Múscail mar a dhéantá sa seanam,in aimsir na nglún a d'imigh.An ea nach tusa a scoilt Ráhab,a pholl an Dragan ina lár?

10 An ea nach tusa a thriomaigh an fharraige,uiscí an Aigéin mhóir,chun bealach mór a dhéanamh as duibheagáin na farraige,le go bhféadfadh an dream a fuasclaíodh dul trasna?

11 An pobal atá saortha ag an Tiarna, tá siad ag filleadh,tá siad ag teacht go Síón ag liúireach le gairdeas.Tá aoibhneas síoraí ina choróin ar a gceann,áthas agus aoibhneas ag triall ina gcuideachta,casaoid agus crá bailithe leo ar shiúl.

Sólásaí Uilechumhachtach is ea an Tiarna

12 Mise mé féin, is mé a thugann sólás duit.Cé hé tusa go bhfuil eagla ort roimh an duine,an duine ar dual dó an bás,an duine seo nach buaine é ná an féar?

13 Tá dearmad déanta agat ar an Tiarna a rinne thú,a spréigh na spéartha amach agus a chuir bun faoin talamh;agus tá crith ort i gcónaí agus gach uile lároimh fhraoch an aintiarna agus é faoi réir le tú a scrios.Ach cá bhfuil sé, an fraoch seo an aintiarna?

An Slánú

14 Tá an cime ar tí a scaoilte amach; ní bhfaighidh sé bás i dtóin díge agus ní bheidh ganntanas aráin air.

15 Is mise an Tiarna do Dhia a chorraíonn an fharraige agus a chuireann a tonnta ag torann; Tiarna na Slua is ainm dom.

16 Chuir mé mo chuid focal i do bhéal, ar scáth mo láimhe chuir mé i bhfolach thú, nuair a spréigh mé amach na spéartha agus chuir mé bun faoin tálamh agus dúirt le Síón: “Is tú mo phobal.”

Múscailt Iarúsailéim

17 Dúisigh, dúisigh suas! Bí i do shuí, a Iarúsailéim!Tusa a d'ól ó láimh an Tiarna cupán a fheirge.Corn an mhearbhaill, d'ól tú é, d'ól tú siar é ar fad.

18 Níl agat feasta chun tú a chinnireachtduine ar bith den chlann mhac a shaolaigh tú,ná chun tú a choinneáil suas lena láimhduine ar bith den chlann mhac a thóg tú.

19 Tá an dá olc seo tar éis teacht ort- cé a bheadh ag maíomh do dhóigh ort?Creach agus scrios, claíomh agus gorta,- cé a thabharfadh sólás duit?

20 Tá do mhic ina luí gan lúthar choirnéal gach uile shráidechomh lag le heilit i mbarrach,ar meisce le fearg an Tiarna,le bagairtí do Dhé.

21 Ar an ábhar sin, éist leis seo, a chreatúir chráite,atá ar meisce cé nach le fíon é;

22 seo mar a deir Dia do Thiarna,do Dhiasa agus curadh cosanta do mhuintire:Seo, tá mé á thógáil as do láimh,an cupán sin an mhearbhaill;corn mo chuid feirge,ní ólfaidh tú as níos mó.

23 Cuirfidh mé isteach i lámha lucht do chéasta é,iad sin a deireadh leat:“Luigh fút, agus siúlfaimid sa mhullach ort.”Agus dhéantá cabhsa as do dhroim,mar a bheadh bealach mór ann le haghaidh lucht siúil.