10 Éistigí le briathar an Tiarna,a thaoisigh Shodom;tugaigí cluas do reacht ár nDé,a phobal Ghomorá!
11 “Nach cuma liomsa bhur n‑íobairtí gan áireamh?”a deir an Tiarna.“Tá mé dóthanach de reithí loisctheagus de shaill na ngamhna,níl dúil agam i bhfuil mhart agus phocán gabhair.
12 Nuair a thagann sibh i mo láthair,cé a d'iarr oraibh urlár mo thí a shiúl?
13 Éirigí as ofrálacha gan mhaith a thabhairt chugam;cuireann an toit atá uathu déistin orm.Féilte na ré nua, sabóidí, comhthionóil...ceiliúradh ná sollúntas níl dul agam a bhfulaingt níos mó.
14 Bhur réanna nua agus bhur n‑oilithreachtaí,is gráin liom iad i m'anam istigh.Is ualach orm iadagus tá mé tuirseach á n‑iompar.
15 Nuair a shíneann sibh amach bhur lámha,iompaím mo shúile uaibh.A liacht paidreacha a deir sibh,níl mise ag éisteacht.Tá bhur lámha lán fola.
16 Nígí, glanaigí sibh féin.Tógaigí bhur n‑urchóid as mo radharc.Éirigí as an olc a dhéanamh!