14 Bhur réanna nua agus bhur n‑oilithreachtaí,is gráin liom iad i m'anam istigh.Is ualach orm iadagus tá mé tuirseach á n‑iompar.
15 Nuair a shíneann sibh amach bhur lámha,iompaím mo shúile uaibh.A liacht paidreacha a deir sibh,níl mise ag éisteacht.Tá bhur lámha lán fola.
16 Nígí, glanaigí sibh féin.Tógaigí bhur n‑urchóid as mo radharc.Éirigí as an olc a dhéanamh!
17 Foghlaimígí an mhaith a dhéanamh,lorgaigí an rud cóir,cuirigí in éadan ansmachta,tugaigí a cheart don dílleachta,agraigí cúis na baintrí.
18 Gabhaigí i leith ansin agus pléimis an scéal,a deir an Tiarna.Má bheadh bhur bpeacaí ar nós craoraig,déanfar níos gile iad ná sneachta;má bheadh siad chomh dearg leis an gcorcra,amhail olann a dhéanfar iad.
19 Má thoilíonn sibh a bheith umhal,íosfaidh sibh de thoradh na talún;
20 ach má leanann sibh sa stailc agus sa cheannairc,is é béal an chlaímh a íosfaidh sibhse.”Tá béal an Tiarna tar éis labhairt.