19 Má thoilíonn sibh a bheith umhal,íosfaidh sibh de thoradh na talún;
20 ach má leanann sibh sa stailc agus sa cheannairc,is é béal an chlaímh a íosfaidh sibhse.”Tá béal an Tiarna tar éis labhairt.
21 Conas a rinne striapach di,an chathair dhílis?Síón, a bhí lán de dhílseacht,mar a raibh an ceart ina chónaí,níl intí anois ach lucht dúnmharfa.
22 Tá d'airgead i ndiaidh athrú ina shal,tá uisce trí do chuid fíona.
23 Tá do phrionsaí ina lucht ceannairce,le gadaithe atá a gcaidreamh.Tá gach aon duine cíocrach chun brabúisagus ag sodar i ndiaidh síneadh láimhe.Ní thugann siad a cheart don dílleachta,ná ní ghlaoítear cúis na baintrí choíche.
24 Ar an ábhar sin, is í seo fáistine Thiarna Dia na Slua,Neach Láidir Iosrael:“Ha! beidh an ceann is fearr agam ar mo chéilí comhraic,bainfidh mé sásamh as mo naimhde.
25 Iompóidh mé mo lámh i do choinne,glanfaidh mé an tsal asat san fhoirnéis,agus tógfaidh mé uait an drochmhianach ar fad.