21 Conas a rinne striapach di,an chathair dhílis?Síón, a bhí lán de dhílseacht,mar a raibh an ceart ina chónaí,níl intí anois ach lucht dúnmharfa.
22 Tá d'airgead i ndiaidh athrú ina shal,tá uisce trí do chuid fíona.
23 Tá do phrionsaí ina lucht ceannairce,le gadaithe atá a gcaidreamh.Tá gach aon duine cíocrach chun brabúisagus ag sodar i ndiaidh síneadh láimhe.Ní thugann siad a cheart don dílleachta,ná ní ghlaoítear cúis na baintrí choíche.
24 Ar an ábhar sin, is í seo fáistine Thiarna Dia na Slua,Neach Láidir Iosrael:“Ha! beidh an ceann is fearr agam ar mo chéilí comhraic,bainfidh mé sásamh as mo naimhde.
25 Iompóidh mé mo lámh i do choinne,glanfaidh mé an tsal asat san fhoirnéis,agus tógfaidh mé uait an drochmhianach ar fad.
26 Cuirfidh mé do bhreithimh ar ais mar bhí siad cheana,do chomhairleoirí mar bhí siad anallód.As sin amach, glaofar cathair na córach ort,an chathair fhíréanta.”
27 Déanfar Síón a athcheannach le hionracas,agus le ceart an dream dá muintir a iompóidh ar ais.