7 Tá bhur dtír ina fásach, tá bhur gcathracha loiscthe,bhur dtailte, tá siad á gcreachadh os comhair bhur súl ag strainséirí;díthreabh atá ann, mar a bhí nuair a scriosadh Sodom.
8 Ta iníon Shíón fágthamar bheadh bothán faire i bhfíonghort,mar bheadh scáthlán i gcuibhreann cúcamar,mar bheadh cathair faoi léigear.
9 Ach gur fhág Tiarna na Slua fuíoll áir,ba chuma sinn nó Sodom,ba le Gomorá ár samhail.
10 Éistigí le briathar an Tiarna,a thaoisigh Shodom;tugaigí cluas do reacht ár nDé,a phobal Ghomorá!
11 “Nach cuma liomsa bhur n‑íobairtí gan áireamh?”a deir an Tiarna.“Tá mé dóthanach de reithí loisctheagus de shaill na ngamhna,níl dúil agam i bhfuil mhart agus phocán gabhair.
12 Nuair a thagann sibh i mo láthair,cé a d'iarr oraibh urlár mo thí a shiúl?
13 Éirigí as ofrálacha gan mhaith a thabhairt chugam;cuireann an toit atá uathu déistin orm.Féilte na ré nua, sabóidí, comhthionóil...ceiliúradh ná sollúntas níl dul agam a bhfulaingt níos mó.