12 Nach breá mar tá tú tite ó na spéartha,a sholas na solas agus a mhic na maidine!Nach breá mar caitheadh anuas ar talamh thú,tusa a mbíodh na ciníocha uile faoi do réir!
13 Bhítheá á rá leat féin i do chroí:“Dreapfaidh mé go barr na bhflaitheas;os cionn réaltaí Dé a thógfaidh mé mo chathaoir ríoga.Suífidh mé ar an sliabhmar a mbailíonn na déithe i ndáil chomhairlein iargúil an tuaiscirt i gcéin.
14 Rachaidh mé suas go barr na néalta dubha,beidh mé cosúil leis an Té is airde.
15 Ach féach, tá tú caite síos go Seól,go híochtar an duibheagáin féin.”
16 Iad siúd a fheiceann thú, breathnaíonn siad ort,stánann ort agus déanann a machnamh:“An é sin an fear a chuireadh an domhan ar crith,a leagadh na ríochtaí ar lár,
17 a rinne fásach den talamhagus fothracha de na bailte,agus nár scaoil cime as braighdeanas riamh?”
18 Ríthe uile na náisiún, tá siad ina luí faoi ghradam,gach aon ina thuama féin.