14 Rachaidh mé suas go barr na néalta dubha,beidh mé cosúil leis an Té is airde.
15 Ach féach, tá tú caite síos go Seól,go híochtar an duibheagáin féin.”
16 Iad siúd a fheiceann thú, breathnaíonn siad ort,stánann ort agus déanann a machnamh:“An é sin an fear a chuireadh an domhan ar crith,a leagadh na ríochtaí ar lár,
17 a rinne fásach den talamhagus fothracha de na bailte,agus nár scaoil cime as braighdeanas riamh?”
18 Ríthe uile na náisiún, tá siad ina luí faoi ghradam,gach aon ina thuama féin.
19 Ach tusa, tá tú caite amach as d'uaighmar bheadh dramhaíl déistineach,ár agus coscairt chlaímh sa mhullach ort,agus tú ar chlocha na díge i do chosair chró.
20 Ní bheidh cuid ar bith leo siúd agat san adhlacadh.Óir tá do thír féin scriosta agat,agus do mhuintir díothaithe.Ní bheidh iomrá go deo arísar ál sin na n‑urchóideach.