21 Cuirigí eirleach in áirithe dá chlann mhaci gcúiteamh ar mhírún a n‑athar.Ná héirídís go deo aríschun an domhan a ghabháil ina seilbh,chun aghaidh na talún a chlúdach lena líon.
22 “Éireoidh mé suas ina n‑éadan - briathar Thiarna na Slua - agus teascfaidh mé den Bhablóin a hainm agus a hiarsma. Gan síol gan sliocht a bheidh sí - briathar an Tiarna.
23 Déanfaidh mé fearann don ghráinneog aisti, agus riasc. Scuabfaidh mé í le scuab an scriosta - briathar Thiarna na Slua.”
24 Thug Tiarna na Slua a mhionn air, á rá: “Cinnte!Díreach mar a thuar mé, is amhlaidh a thiocfaidh isteach.An rud a shocraigh mé, is é a chuirfear i gcrích:
25 An Asaír a bhriseadh i mo dhúiche féin,í a bhascadh ar mo shléibhte.Sleamhnóidh a cuing díbh,sleamhnóidh a hualach de bhur ngualainn.’
26 Is é seo an beart ar cinneadh airin éadan na talún go hiomlán;is í seo an lámh atá sínte amachin éadan na náisiún.
27 Ó chinn Tiarna na Slua ar a bheart,cé a leomhfadh a chur ar ceal?Má shíneann sé amach a lámh,cé a thabharfadh air í a tharraingt chuige isteach?