28 An bhliain a bhfuair Áchaz rí bás a tugadh an fháistine seo:
29 Ná bíodh gairdeas ortsa, a Fhilistía go léir,de bharr gur briseadh an bata a bhíodh do do léasadh,óir as pór na péiste tiocfaidh nathair,agus a thoradh sin arís, beidh ina dhragan sciathánach.
30 Ach beidh na bochtáin ag iníor ar mo thailte féaraigh,agus na truáin ag ligean a scíthe go slán sábháilte.Maidir le do shliochtsa, áfach, tabharfaidh mé a mbás le hocrasagus maróidh mé a bhfuil fágtha díbh.
31 Lig uaill sa gheata! Glaoigh ar chabhair sa chathair!Bíodh scéin ort, a Fhilistía go léir!Óir tá namhaid ag triall aduaidh ina dheatachagus fágálach ní bheidh ina chuid cathlán.
32 Cén freagra a thabharfar ansindo theachtairí an chine sin?An méid seo, gurb é an Tiarna a bhunaigh Síón ina háit,agus is ann a gheobhaidh dearóile a mhuintire dídean.