3 An lá a dtabharfaidh an Tiarna faoiseamh duit tar éis do chrá agus do chorraíola, agus tar éis na daoirse déine a raibh tú daortha ann, crochfaidh tú suas an t‑amhrán seo mar aoir ar rí na Bablóine:
4 Féach mar tá deireadh leis an aintiarna!Féach mar tá deireadh lena dhíomas!
5 Tá bata na n‑urchóideach briste ag an Tiarna,agus slat ríoga na bhflatha,
6 an té a ghreadadh na ciníocha go fíochmharle buillí agus le béimeanna,a smachtaíodh na náisiúin le fraoch,á gciapadh gan sos.
7 Tá an talamh uile ag ligean a scíthe faoi shuaimhneas;gáireann sé amach a racht áthais.
8 Na crainn ghiúise féin, tá lúcháir orthu as do chás,tá agus ar chéadrais na Liobáine:“Óir thit tusa ar lár,” arsa siad,“ní thagann aon duine aníos dár leagan.”
9 Tá Seól thíos corraithe faoi do chionnchun teacht ag fáiltiú romhat.Dúisíonn sé taisí na sean in onóir duit,a raibh ina dtaoisigh ar talamh;cuireann sé suas as a suíocháin ríogaríthe na náisiún ar fad.