8 Na crainn ghiúise féin, tá lúcháir orthu as do chás,tá agus ar chéadrais na Liobáine:“Óir thit tusa ar lár,” arsa siad,“ní thagann aon duine aníos dár leagan.”
9 Tá Seól thíos corraithe faoi do chionnchun teacht ag fáiltiú romhat.Dúisíonn sé taisí na sean in onóir duit,a raibh ina dtaoisigh ar talamh;cuireann sé suas as a suíocháin ríogaríthe na náisiún ar fad.
10 Seo mar chuireann an t‑iomlán acu forrán ort:“Tusa freisin, tá tú scriosta mar atáimidne;rinneadh leat mar rinneadh linn féin.”
11 Tá do phoimp caite síos go Seól,mar aon le ceol do chuid cláirseach;na péisteanna atá mar leaba fútagus na cnumhóga ina gclúdach os do chionn.
12 Nach breá mar tá tú tite ó na spéartha,a sholas na solas agus a mhic na maidine!Nach breá mar caitheadh anuas ar talamh thú,tusa a mbíodh na ciníocha uile faoi do réir!
13 Bhítheá á rá leat féin i do chroí:“Dreapfaidh mé go barr na bhflaitheas;os cionn réaltaí Dé a thógfaidh mé mo chathaoir ríoga.Suífidh mé ar an sliabhmar a mbailíonn na déithe i ndáil chomhairlein iargúil an tuaiscirt i gcéin.
14 Rachaidh mé suas go barr na néalta dubha,beidh mé cosúil leis an Té is airde.