1 Fáistine i dtaobh Mhóáb.An oíche a ndearnadh creach ar Ár,fágadh Móáb ina thost;an oíche ar creachadh Cír,fágadh Móáb ina thost.
2 Táthar ag dul suas go teampall Dhíobón,suas ar na hardáin chun caoineadh;ar Neabó agus i Maedabátá Móáb ag olagón.Tá gach cloigeann bearrtha,gach féasóg lomtha;
3 sna sráideanna tá éadach róin orthu,agus ar bharr na dtithe táthar ag caoineadh.Sna cearnóga tá gach aon ag olagónagus an gol ag briseadh orthu.
4 Tá Heisbeon agus Eileálae ag éagaoin,chomh fada le Iahaz tá siad le cloisint.Is uime sin atá corróga Mhóáb ar crith,agus a anam ag creathnú.
5 Tá mo chroí ag éagaoin ar son Mhóáb,agus a uaisle ar teicheadh fad le Zoar.Och! fána Lúichít suasatá a dtriall agus iad ag caoineadh.Ar bhealach Horonáímtá siad ag gol go coscarthach.
6 Och! uiscí Nimrím,is sceirdiúil an áit í;tá an féar feoite, an scraith ghlas seargtha,lusra níl ann níos mó.