4 Tá Heisbeon agus Eileálae ag éagaoin,chomh fada le Iahaz tá siad le cloisint.Is uime sin atá corróga Mhóáb ar crith,agus a anam ag creathnú.
5 Tá mo chroí ag éagaoin ar son Mhóáb,agus a uaisle ar teicheadh fad le Zoar.Och! fána Lúichít suasatá a dtriall agus iad ag caoineadh.Ar bhealach Horonáímtá siad ag gol go coscarthach.
6 Och! uiscí Nimrím,is sceirdiúil an áit í;tá an féar feoite, an scraith ghlas seargtha,lusra níl ann níos mó.
7 Is é sin an fáth a bhfuil a soláthar déantaagus a bhfuil a maoin á hiompar acuthar Sruthán na Saileach anonn.
8 Och! déanann an liúireach cuairt chríoch Mhóáb;fhad le hEaglaím tá a uailleach le cloisint,a uailleach fad le Béar Éilím.
9 Och! tá uiscí Dhímeon ina dtuilte fola;ach tá tubaistí le teacht fós ar Dhímeon,leon ar fhuíoll air Mhóábagus ar iarmhar na tíre sin.