5 is ann a bhunófar an chathaoir ríoga faoi chineáltas,agus beidh ina shuí inti faoi dhílseacht,i mboth Dháiví,breitheamh ar mór leis an ceartagus ar luath chuige cíocras na córach.”
6 Chualamar trácht ar uabhar Mhóáb,uabhar as miosúr,uaillmhian agus borr agus bród,mórtas tóin gan taca.
7 Dá dheasca sin, tá muintir Mhóáb ag caoineadh Mhóáb.Tá siad go léir ag caoineadh le chéile,i ndiaidh cístí rísín Chír Harasaittá siad ag mairgneach go cráite.
8 Óir tá tailte Heisbeon faoi chrann smolaagus fíniúin Shibmeá,a mbeireadh a gcrobhaingí buaar thiarnaí na náisiún.Shroiseadh siad fhad le Iazaer,bhíodh siad spréite amach chomh fada leis an bhfásach;bhí a gcraobhacha ag leathadh amachthar farraige anonn.
9 Uime sin, tá mé ag caoineadh mar a chaoineann Iazaer,i ndiaidh fíniúin Shibmeá;silfidh mé mo dheora oraibh go frasa Heisbeon agus a Eileálae.Óir thar do thorthaí agus thar fhómhar an fhíonachualathas gáir chatha;
10 tá an t‑áthas agus an lúcháirimithe as gort agus garraí.Sna fíonghoirt níl ceolná liú áthais le cloisint;níl aon fhíon á fháscadh sna cantaoirí,tá an húrla-hárla ina thost.
11 Dá bharr sin, ar son Mhóábtá mo chliabh mar chláirseach ar crith,agus mo chroí istigh ar son Chír Harasait.