10 mar go ndearna tú dearmad ar Dhia do shlánaithe,agus nár choinnigh tú cuimhne ar Charraig do nirt.Óir plandaíonn tú plandáil in onóir d'Adóinis,cuireann tú slapair de chuid na coigríche inti;
11 an lá a gcuireann tú iad, bíonn siad ag geamhrú agat,agus le teacht na maidine bíonn bláth ar do churadóireacht;ach beidh an fómhar millte lá an léin,agus an phian gan leigheas.
12 Och: búiríl na sluaite ollmhóra,búiríl mar a bheadh búiríl na mórmhara,tuargaint na náisiún ag tuargaintmar a bheadh tuargaint an lán mara.
13 Bagraíonn sé orthu,scinneann siad i bhfad ar shiúl láithreach,á siabadh mar lochán i mbéal na gaoithe ar na harda,mar a bheadh sí gaoithe i mbéal na stoirme.
14 Um thráthnóna, scéin ar fad;roimh mhaidin níl siad ann níos mó.Is í seo cinniúint ár gcreachadóirí,is é is dán don dream a rinne slad orainn.