7 Sa lá sin breathnóidh an duine ar a Chruthaitheoir agus casfaidh a shúile i dtreo Neach Naofa Iosrael.
8 Ní bhreathnóidh sé níos mó i leith na n‑altóirí, déantús a lámh féin, ná ní amharcfaidh ar an rud a rinne a mhéara féin, na cuaillí coisricthe agus galláin na gréine.
9 Sa lá sin, beidh do bhailte tréigthemar a bhí bailte mhuintir [Amór agus Hiv,]a fágadh nuair a bhí clann Iosrael ag teacht.Díthreabh a bheidh iontu,
10 mar go ndearna tú dearmad ar Dhia do shlánaithe,agus nár choinnigh tú cuimhne ar Charraig do nirt.Óir plandaíonn tú plandáil in onóir d'Adóinis,cuireann tú slapair de chuid na coigríche inti;
11 an lá a gcuireann tú iad, bíonn siad ag geamhrú agat,agus le teacht na maidine bíonn bláth ar do churadóireacht;ach beidh an fómhar millte lá an léin,agus an phian gan leigheas.
12 Och: búiríl na sluaite ollmhóra,búiríl mar a bheadh búiríl na mórmhara,tuargaint na náisiún ag tuargaintmar a bheadh tuargaint an lán mara.
13 Bagraíonn sé orthu,scinneann siad i bhfad ar shiúl láithreach,á siabadh mar lochán i mbéal na gaoithe ar na harda,mar a bheadh sí gaoithe i mbéal na stoirme.