2 tusa a sheolann do chuid teachtaí uait ar an bhfarraige,ag taisteal in árthaí giolcach ar dhroim na n‑uiscí.Imígí libh, a theachtairí meara,chun cine na scafairí griandaite,chuig an náisiún a raibh eagla rompu riamh anall,cine cumhachtach caithréimeach,sa tír a shileann na haibhneacha.
3 A mhuintir an domhain uile,a áitreabhacha na talún go léir,breathnaígí, tá an comhartha á chrochadh in airde;éistigí, tá an stoc á shéideadh.
4 Óir is é seo atá an Tiarna a rá liom:“Ón áit a bhfuil mo chónaí,tá mé ag breathnú uaim go socair,le linn loinnir agus ruithne teasa,le ceo drúchta i mbrothall an fhómhair.”
5 Roimh fhómhar an fhíona, agus aimsir na mbachlóg thart,nuair a aibíonn an bláth chun caor,gearrtar na péacáin leis an gcorrán,déantar beangáin a scoitheadh agus a theascadh.
6 Fágfar ansin iad go léirle haghaidh éin chreiche na sléibhteagus ainmhithe allta na talún.Caithfidh na héin an samhradh ag gabháil dóibh,agus na hainmhithe allta an geimhreadh.
7 Ag an am sin tabharfar bronntanais chuig Tiarna na Slua ó chine na scafairí griandaite, ón náisiun a raibh eagla rompu riamh anall, ón gcine cumhachtach caithréimeach sa tír a shileann na haibhneacha; tabharfar iad chuig an áit ina lonnaíonn ainm Thiarna na Slua, ar shliabh Shíón.