1 Fáistine i gcoinne na hÉigipte.Seo an Tiarna ag teacht, ag marcaíocht go mear ar scamall;chun na hÉigipte atá a thriall.Tá íola na hÉigipte ar crith roimhe,tá tuirse chroí ar mhuintir na hÉigipte.
2 Dreasóidh mé na hÉigiptigh in éadan a chéile,beidh siad ag troid bráthair in aghaidh bráthar,cara in aghaidh carad, baile in aghaidh baile,ríocht in aghaidh ríochta.
3 Beidh mearbhall ar an Éigipt,mar cuirfidh mé a gcomhairle trí chéile;beidh siad ag lorg faisnéise ó dhéithe bréige agus ó dhraoithe,ó lucht feasa agus asarlaíochta.
4 Tá mé chun an Éigipt a thabhairtisteach i lámha aintiarna,agus beidh réimeas ag rí danartha orthu.Seo é briathar Thiarna Dia na Slua.
5 Rachaidh uiscí na mara i ndísc,beidh an abhainn spalptha tirim,