12 Cá bhfuil siad, na saoithe seo agaibh?Amach leo anois agus léiríodh siad duita bhfuil socraithe ag Tiarna na Sluaa bhfuil i ndán aige don Éigipt.
13 Amadáin iad prionsaí Zoan;tá prionsaí Nof á mealladh féin.Tá an Éigipt ar seachrán acu,ag ceannairí seo a cuid cúigí.
14 Chuir an Tiarna isteach iontumeadhrán agus mearbhall intinne.Tá an Éigipt ag tuisleadh acu i ngach rud a dhéanann sí,mar a bheadh fear meisce ag tuisleadh ina chuid orla.
15 Ní bheidh dada san Éigipt gur féidir leo a dhéanamh,le ceann ná le heireaball, le pailm ná le giolcach.
16 Sa lá sin, beidh na hÉigiptigh mar mhná, scaoll agus scanradh iontu ó bhagairt na láimhe atá an Tiarna a bhagairt orthu.
17 Beidh dúiche Iúdá ina hábhar uamhain ag an Éigipt. Gach uair a luafar leo í, tiocfaidh eagla orthu de bharr na seifte atá ceaptha ag Tiarna na Slua ina gcoinne.
18 Sa lá sin, beidh cúig bailte i dtír na hÉigipte agus teanga Chanán á labhairt acu, a thabharfaidh mionn dar Tiarna na Slua; beidh Cathair na Gréine ar cheann acu.