4 Tá mé chun an Éigipt a thabhairtisteach i lámha aintiarna,agus beidh réimeas ag rí danartha orthu.Seo é briathar Thiarna Dia na Slua.
5 Rachaidh uiscí na mara i ndísc,beidh an abhainn spalptha tirim,
6 beidh boladh bréan ó na díogacha,agus srutháin na Níle ag titim agus ag triomú.Seargfaidh na feagacha agus na giolcacha,
7 agus gach a bhfásann ar bhruacha na Níle.Críonfaidh plandaí na Níle go léir,siabfar ar shiúl agus ní fheicfear iad níos mó.
8 Beidh na hiascairí ag mairgneachagus lucht caite duan sa Níl ag caoineadh;lucht spréite eangacha ar an uisce,beidh siad ag olagón.
9 Bainfear siar as lucht saothraithe an lín,as lucht cardála fós agus lucht fite an éadaigh bháin.
10 Beidh alltacht ar na sníomhadóiríagus beaguchtach ar lucht ceirde ar fad.