10 Rinne sibh tithe Iarúsailéim a chuntas,agus leag sibh cuid acu chun an múr a dhaingniú.
11 I lár báire, rinne sibh obair idir an dá mhúrfaoi choinne uisce na Seanlinne.Ach níor chuimhnigh sibh ar an gCruthaitheoirná ní fhaca an Té a mhúnlaigh an t‑iomlán fadó riamh.
12 Bhí an Tiarna Dia na Slua ag glaoch oraibh an lá sinchun caoineadh a dhéanamh agus mairgneach,chun sibh féin a bhearradh agus éadach róin a chur oraibh.
13 Ina ionad sin, siamsa atá ar siúl agus sult,mairt á marú agus caoirigh á gcoscairt,feoil á halpadh agus fíon á ól; agus sibh ag ceapadh:“Ithimis agus ólaimis,mar beidh an bás againn amárach.”
14 Fuair mo chluasa an foilsiú seo ó Thiarna na Slua:“Ní dhéanfar sásamh sa pheaca seo go deo,go dtí go bhfaighe sibh bás,”a deir an Tiarna Dia na Slua.
15 Seo mar a deir an Tiarna Dia na Slua:“Imigh leat chuig an feidhmeannach seo,chuig Seabná, maor an pháláis, agus abair leis:
16 ‘Cén ceart nó cén gnó atá agat anseogo bhfuil tú ag gearradh tuama duit féin ann,ag gearradh amach tuama ar an ard,ag snoí seomra duit féin sa charraig?’