18 Corann agus cornann sé thú i do chorna,agus caitheann i do cheirtlín thú i dtír leitheadach amach.Is ann a gheobhaidh tú bás,agus is ann a fhágfar na carbaid a bhfuil tú chomh teann astu;tusa atá i do chúis náire do theaghlach do thiarna.”
19 Brisfidh mé as do phost thú,as d'ionad stróicim thú anuas;
20 agus an lá céanna glaoim ar mo sheirbhíseach, Eiliácaím mac Hilciá.
21 Tá mé chun a ghléasadh i d'ionarsa,chun é a fheistiú le do shursaing,agus tugaim do chumhacht isteach ina láimh,agus beidh sé ina athair ag muintir Iarúsailéim,agus ag teaghlach Iúdá.
22 Tá mé ag leagan eochair theach Dháiví ar a ghualainn;má osclaíonn sé, ní dhúnfar;má dhúnann, ní osclófar.
23 Cuirim i bhfostú é mar bheadh tairne in áit dhaingean:déanfar cathaoir onóra de i gcomhair theaghlach a athar.
24 Beidh maoin theaghlach a athar ar fad crochta as - idir shíol agus shliocht - na mionghréithe go léir, idir choirn agus chrúisciní.