7 An chuid is áille de do ghleannta,tá siad breac le carbaid;tá an marcshlua in ionad os coinne na ngeataí.
8 Agus sin críoch le cosaint Iúdá.Bhí do shúil an lá sinle harmlann Áras na Foraoise.
9 Bhreathnaigh sibh chomh líonmharagus bhí na bearnaí i múr chathair Dháiví.Cheap sibh uiscí na Linne Íochtair.
10 Rinne sibh tithe Iarúsailéim a chuntas,agus leag sibh cuid acu chun an múr a dhaingniú.
11 I lár báire, rinne sibh obair idir an dá mhúrfaoi choinne uisce na Seanlinne.Ach níor chuimhnigh sibh ar an gCruthaitheoirná ní fhaca an Té a mhúnlaigh an t‑iomlán fadó riamh.
12 Bhí an Tiarna Dia na Slua ag glaoch oraibh an lá sinchun caoineadh a dhéanamh agus mairgneach,chun sibh féin a bhearradh agus éadach róin a chur oraibh.
13 Ina ionad sin, siamsa atá ar siúl agus sult,mairt á marú agus caoirigh á gcoscairt,feoil á halpadh agus fíon á ól; agus sibh ag ceapadh:“Ithimis agus ólaimis,mar beidh an bás againn amárach.”