1 Féach, tá an Tiarna ag creachadh na talún,tá sé á scriosadh agus á hiompú bun os cionn;tá a muintir á scaipeadh aige,
2 idir chléir agus thuath, idir uasal agus íseal,máistreás agus searbhónta, díoltóir agus ceannaitheoir,iasachtóir agus iasachtaí, creidiúnaí agus féichiúnaí.
3 Creachta agus seanchreachta atá sí, mar thalamh;sladaithe agus deargshladaithe a bheidh,mar a d'ordaigh an Tiarna.
4 Tá an talamh faoi bhrón agus in ísle brí,tá an domhan ag meath agus in ísle brí,tá neamh agus talamh ag meath.