13 Is amhlaidh sin a bheidh an talamh ar fad,i gcás na gciníocha uile,mar a bhíonn na crainn olóige nuair a chraitear an toradh astu,mar a bheadh deasca na fíniúna agus fómhar an fhíona déanta.
14 Gáireann daoine amach in ard a gcinn, liúnn siad le barr áthais;canann siad mórgacht an Tiarna ó chois na farraige thiar.
15 Sna hoileáin freisin táthar ag glóiriú an Tiarna,agus i gcríocha na farraige ainm an Tiarna, Dia Iosrael.
16 Ó chríocha na cruinne cloisimid iad ag ceol: “Glóir don Fhíréan!”Ach deirimse: “Is leor, is leor sin!Drochrath ar lucht fill a dhéanann feall,ar lucht fill a dhéanann feall go fealltach!”
17 Scéin agus clais agus gaisteis ea do chuid, a dhuine atá i do chónaí ar talamh!
18 An té a theitheann ó thorann na scéine,titfidh sé sa chlais;má dhreapann sé aníos as an gclais,béarfar air sa ghaiste.Óir tá fuinneoga na bhflaitheas ar leathadh,agus bunsraith na talún ar crith.
19 Tá an talamh briste ina smionagar,tá an talamh á scoilteadh agus á scáineadh,tá an talamh ag crith agus ag creathnú.