16 Ó chríocha na cruinne cloisimid iad ag ceol: “Glóir don Fhíréan!”Ach deirimse: “Is leor, is leor sin!Drochrath ar lucht fill a dhéanann feall,ar lucht fill a dhéanann feall go fealltach!”
17 Scéin agus clais agus gaisteis ea do chuid, a dhuine atá i do chónaí ar talamh!
18 An té a theitheann ó thorann na scéine,titfidh sé sa chlais;má dhreapann sé aníos as an gclais,béarfar air sa ghaiste.Óir tá fuinneoga na bhflaitheas ar leathadh,agus bunsraith na talún ar crith.
19 Tá an talamh briste ina smionagar,tá an talamh á scoilteadh agus á scáineadh,tá an talamh ag crith agus ag creathnú.
20 Tá an talamh ag stangadh mar bheadh fear meisce ann,tá sé ag longadán mar bheadh scáthlán ann;is trom é an t‑ualach air a chuid peacaí,titeann sé gan éirí i ndán dó.
21 An lá sin, léasfaidh an Tiarna slua na spéire sa spéir,agus abhus ar talamh ríthe na talún.
22 Baileofar i dtoll a chéile iad ar nós cimí i bpluais,caithfear isteach sa charcair iadagus i ndiaidh na mblianta fada gheobhaidh siad a bpionós.