20 Tá an talamh ag stangadh mar bheadh fear meisce ann,tá sé ag longadán mar bheadh scáthlán ann;is trom é an t‑ualach air a chuid peacaí,titeann sé gan éirí i ndán dó.
21 An lá sin, léasfaidh an Tiarna slua na spéire sa spéir,agus abhus ar talamh ríthe na talún.
22 Baileofar i dtoll a chéile iad ar nós cimí i bpluais,caithfear isteach sa charcair iadagus i ndiaidh na mblianta fada gheobhaidh siad a bpionós.
23 Beidh náire ar an ngealach, agus ceann faoi ar an ngrian,óir déanfar rí de Thiarna na Sluaar shliabh Shíón in Iarúsailéimagus foilseofar a ghlóir i láthair a sheanóirí.