3 Creachta agus seanchreachta atá sí, mar thalamh;sladaithe agus deargshladaithe a bheidh,mar a d'ordaigh an Tiarna.
4 Tá an talamh faoi bhrón agus in ísle brí,tá an domhan ag meath agus in ísle brí,tá neamh agus talamh ag meath.
5 Tá an talamh truaillithefaoi chosa a cuid áitreabhach,óir sháraigh siad na dlíthe, bhris na reachtanna,choill an conradh síoraí.
6 Is ar an ábhar sin atá crann smola ag alpadh na talúnagus a háitreabhaigh ag íoc as a gcionta.Is uime sin atá áitreabhaigh na talún ina ngualach dóite,agus gan ach beagán den chine daonna fágtha.
7 Tá an fíon faoi bhrón, an fhíniúin ag meath,agus lucht an ghliondar croí ag osnaíl.
8 Tá deireadh le meadhar na mbodhrán,agus críoch le callán lucht gairdis;tá deireadh le meadhar na gcláirseach.
9 Ní ólann siad fíon níos mó agus iad ag ceol,agus is searbh leis na pótairí an bhiotáille.