6 Is ar an ábhar sin atá crann smola ag alpadh na talúnagus a háitreabhaigh ag íoc as a gcionta.Is uime sin atá áitreabhaigh na talún ina ngualach dóite,agus gan ach beagán den chine daonna fágtha.
7 Tá an fíon faoi bhrón, an fhíniúin ag meath,agus lucht an ghliondar croí ag osnaíl.
8 Tá deireadh le meadhar na mbodhrán,agus críoch le callán lucht gairdis;tá deireadh le meadhar na gcláirseach.
9 Ní ólann siad fíon níos mó agus iad ag ceol,agus is searbh leis na pótairí an bhiotáille.
10 Tá cathair an neamhní ar lár,tá gach teach dúnta agus níl dul isteach iontu.
11 Táthar ag mairgneach sna sráideanna cheal fíona;tá deireadh leis an uile lúcháir,tá an t‑áthas díbeartha ón tír.
12 Níl fágtha sa chathair ach léirscrios,tá an geata briste ina chonamar.