1 A Thiarna, is tú mo Dhia;móraim thú agus ceiliúraim d'ainm;mar chuir tú do bheartaíocht iontach i gcrích,comhairle ar cinneadh uirthi fadó riamh,chuir go fíréanta agus go fírinneach.
2 Óir d'fhág tú cathracha ina gcarnáin chlochagus bailte poirt ina gconamar.Ní baile é feasta dúnfort na ndíomasach,ní dhéanfar a atógáil arís go deo.
3 Is uime sin a thugann an cine borb seo glóir duit;uime sin atá eagla ar chathracha na náisiún danartha romhat.
4 Mar is tearmann thú don dearóil,tearmann don dealbh in am a ghátair;dídean ón stoirm agus scáth ón teas,mar is cosúil confa na mborb le doineann gheimhridh.
5 Mar a bheadh spalladh triomaigh ar an bhfásach,ceansóidh tú gleo lucht an díomais;mar a mhúchtar an teas faoi scáth scamaill,cuirfear ceol na mborb ina thost.
6 Ullmhóidh Tiarna na Sluaar an sliabh seo le haghaidh na gciníocha go léircóisir saille, cóisir do rogha na bhfíonta,de smior na saille, de thogha agus de rogha na bhfíonta;