4 Mar is tearmann thú don dearóil,tearmann don dealbh in am a ghátair;dídean ón stoirm agus scáth ón teas,mar is cosúil confa na mborb le doineann gheimhridh.
5 Mar a bheadh spalladh triomaigh ar an bhfásach,ceansóidh tú gleo lucht an díomais;mar a mhúchtar an teas faoi scáth scamaill,cuirfear ceol na mborb ina thost.
6 Ullmhóidh Tiarna na Sluaar an sliabh seo le haghaidh na gciníocha go léircóisir saille, cóisir do rogha na bhfíonta,de smior na saille, de thogha agus de rogha na bhfíonta;
7 agus tógfaidh sé ar shiúl an chaille bhróina bhí ag clúdach na gciníocha go léir,agus an eisléine a bhí ag folach na náisiún uile;
8 cuirfidh sé an bás ar ceal go deo.Triomóidh Dia na deora de na gnúiseanna go léir;tógfaidh sé an milleán dá phobal agus den domhan uile;óir is é an Tiarna a dúirt é.
9 Déarfar an lá sin: “Breathnaígí, is é ár nDia é,a raibh muid ag dréim le slánú uaidh;is é an Tiarna é, a raibh muid ag dréim leis.Déanaimid gairdeas agus lúcháir mar gur shlánaigh sé sinn”;
10 óir tá lámh an Tiarna ag lonnú ar an sliabh seo.Tá Móáb á shatailt síos ina áit féin,mar a shatlaítear cochán síos i gclais aoiligh;