7 agus tógfaidh sé ar shiúl an chaille bhróina bhí ag clúdach na gciníocha go léir,agus an eisléine a bhí ag folach na náisiún uile;
8 cuirfidh sé an bás ar ceal go deo.Triomóidh Dia na deora de na gnúiseanna go léir;tógfaidh sé an milleán dá phobal agus den domhan uile;óir is é an Tiarna a dúirt é.
9 Déarfar an lá sin: “Breathnaígí, is é ár nDia é,a raibh muid ag dréim le slánú uaidh;is é an Tiarna é, a raibh muid ag dréim leis.Déanaimid gairdeas agus lúcháir mar gur shlánaigh sé sinn”;
10 óir tá lámh an Tiarna ag lonnú ar an sliabh seo.Tá Móáb á shatailt síos ina áit féin,mar a shatlaítear cochán síos i gclais aoiligh;
11 agus síneann sé amach a lámha ansin,mar a shíneann snámhadóir amach iad chun snámha.Ach tugann an Tiarna béim síos dá uabharle gach bang dá ndéanann sé.
12 Do bhábhúin arda uaibhreachascriosann sé iad, leagann sé iad,caitheann sé síos iad sa láib.