1 Is mairg don choróin dhíomasach úd ag pótairí Eafráim,do bhláth feoite a háilleachta agus a huabhair,agus í in airde os cionn an ghleanna mhéith;is mairg don dream sin agus iad dallta le fíon!
2 Féach, seo chugainn duine cumhachtach tréan ón Tiarna,mar bheadh siabadh clocha sneachta ann, mar bheadh stoirm dhíobhálach,mar bheadh díle d'uiscí tréana ag cur thar bruach;agus caithfidh sé síos lena láimh iad ar lár.
3 Satlófar faoi chosa iad,coróin dhíomasach sin phótairí Eafráim
4 agus bláth feoite a háilleachta agus a huabhair,in airde mar atá siad os cionn an ghleanna mhéith.Mar bheadh fige luath i dtús an tsamhraidh:an té a fheiceann é, stoitheann éagus ní luaithe ina láimh é ná tá sé slogtha aige.