17 Agus is í an chóir a bheas ina dorú ingir agamagus an fhíréantacht mar leibhéal agus mé á leagan.Ach scuabfaidh an clochshneachta dídean na mbréag leisagus cartfaidh na huiscí bhur bhfoscadh chun siúil”;
18 brisfear bhur gconradh leis an mBás,agus bhur réiteach le Seól ní sheasfaidh.Nuair a thagann rabharta an aimhlis,brúfaidh sé síos lena thoirt sibh;
19 gach uair a dtagann, sroichfidh sé sibh.Maidin in aghaidh na maidne tiocfaidh sé ar a chuairt,tiocfaidh de lá agus d'oíche;agus cúis scéine a bheidh ann a scéal a scaoileadh.
20 Beidh an leaba róghairid le síneadh uirthi,agus an clúdach róchaol chun tú féin a shoipriú ann.
21 Is ea, éireoidh an Tiarna mar a d'éirigh sé ar shliabh Parazaím;tiocfaidh riastradh air mar a tháinig i ngleann Ghibeónchun a ghníomh a chur i gcrích - agus is ait an gníomh é! -chun a shaothar a shaothrú - agus is aduain an saothar sin!
22 Dá bhrí sin, scoirigí den ábhacht,ar eagla go dteannfaí bhur gcuibhreacha oraibh;óir chuala mé anois scrios na tíre go hiomláná fhógairt thar ceann an Tiarna Dia na Slua.
23 Tugaigí cluas agus éistigí le mo ghlór,bígí aireach agus tugaigí libh a bhfuil á rá agam.