23 Tugaigí cluas agus éistigí le mo ghlór,bígí aireach agus tugaigí libh a bhfuil á rá agam.
24 An é nach ndéanann an treabhdóir dada seachas treabhadh,seachas an talamh a bhriseadh agus a fhuirseadh?
25 An amhlaidh, nuair a bhíonn sé cothrom aige,nach gcraitheann sé lus mín air, nach gcuireann sé coimín,agus cruithneacht agus eorna ina dhiaidh sin,agus an spealt ar an imeall amuigh?
26 An té a mhúineann an riail sin dó,is é a Dhia é atá á theagasc.
27 Agus ar ndóigh, ní bhuailtear an lus mín le carr sleamhnáin,ná coimín le roth cairte;ach buailtear an lus mín le slatagus coimín le súiste.
28 Ná ní dhéantar arbhar an aráin a bhrú go hiomlán;an té a thiomáineann rothaí na cairte air,buaileann sé amach é, ach ní dhéanann sé a bhrú.
29 Ó Thiarna na Slua an méid sin freisin;is iontach é le haghaidh comhairleagus is cumasach a chríonnacht.