3 Satlófar faoi chosa iad,coróin dhíomasach sin phótairí Eafráim
4 agus bláth feoite a háilleachta agus a huabhair,in airde mar atá siad os cionn an ghleanna mhéith.Mar bheadh fige luath i dtús an tsamhraidh:an té a fheiceann é, stoitheann éagus ní luaithe ina láimh é ná tá sé slogtha aige.
5 An lá sin, coróin ghlóire a bheidh i dTiarna na Slua,mionn ríoga álainn i gcomhair fuílleach a phobail;
6 anáil an chirt a bheidh ann faoin té atá i gcathaoir an bhreithiúnais,agus anáil na calmachta faoi lucht ruaigthe an namhad ón ngeata.
7 Tá siad siúd ag stangaireacht faoi oibriú an fhíona,tá siad ar seachrán ag an bpóit.Tá meadhrán sna sagairt agus sna fáithe le barr dí,tá mearbhall orthu le fíon;tá siad ar seachrán ag an bpóit,tá siad ag stangaireacht agus ag aislingíocht,tá siad ag tuisliú agus iad ag tabhairt a mbreithiúnas.
8 Óir tá na boird go léir clúdaithe le horla,oiread agus ball glan amháin níl le fáil.
9 “Cé atá sé ag iarraidh a chur ar an eolas, an fáidh seo?Cé dhó ab áil leis a shoiscéalaíocht a mhíniú?Do pháistí, an ea, nua-choiscthe ón mbainne,do leanaí atá á mbaint den chíoch?