8 Óir tá na boird go léir clúdaithe le horla,oiread agus ball glan amháin níl le fáil.
9 “Cé atá sé ag iarraidh a chur ar an eolas, an fáidh seo?Cé dhó ab áil leis a shoiscéalaíocht a mhíniú?Do pháistí, an ea, nua-choiscthe ón mbainne,do leanaí atá á mbaint den chíoch?
10 Níl aige ach:‘Reacht i ndiaidh reachta, reacht i ndiaidh reachta,ceacht i ndiaidh ceachta, ceacht i ndiaidh ceachta,breis bheag anseo, breis bheag ansiúd.’ ”
11 Is ea cinnte, is le beola stadacha agus i dteanga eachtrannachatá sé ag dul a labhairt leis an bpobal seo,
12 pobal ar dhúirt sé leo uair: “Seo scíth daoibh!Tabhair scíth don duine tuirseach!Is é seo an suaimhneas!”- Ach níorbh áil leo éisteacht.
13 Agus sin é an fáth gur mar seo atá an Tiarna ag labhairt leo:“Reacht i ndiaidh reachta, reacht i ndiaidh reachta,ceacht i ndiaidh ceachta, ceacht i ndiaidh ceachta,breis bheag anseo, breis bheag ansiúd,”sa chaoi go dtitfidh siad i ndiaidh a gcúil as a gcoiscéim,go mbrisfear iad, agus go sáinneofar agus go ngabhfar.
14 Éistigí le briathar an Tiarna, a lucht na hábhachta,atá ag rialú an phobail seo in Iarúsailéim!