1 Och, a Airéal, a Airéal,a chathair ba longfort do Dháiví.Cuir bliain i gceann bliana,tagadh na féilte thart ina gcúrsa;
2 ansin cuirfidh mé Airéal i ngéibheann,beidh éagaoin ann agus éagnach.Beidh tú i d'Airéal agam go dearfa, i do thóiteán tine;
3 suífidh mé campa i do choinne mar a rinne Dáiví,cuirfidh mé túir léigir thart timpeall ort,tógfaidh mé claíocha léigir i d'éadan.
4 Beidh tú leagtha ar lár - do ghlór ag labhairt ón talamhagus do chaint ag teacht go húiríseal ón láib.Tiocfaidh do ghlór as an talamh aníos mar bheadh glór taibhse ann,agus do chaint as an láib ina gíogarnach.
5 Ar nós deannach mín a bheidh slua do naimhde ansinagus mar lóchán á shiabadh le gaoth an slua danartha.Agus go tobann, gan choinne,
6 beidh cuairt agat ó Thiarna na Slua,le toirneach, le torann agus le fuaim ollmhór,le doineann agus le hanfa agus lasair de thine loiscneach