13 Deir an Tiarna:“De bharr nach dtaobhaíonn an pobal seo mé ach ina gcaint,agus nach dtugann onóir dom ach ó bheola,san áit gur fada uaim atá a gcroíagus nach bhfuil ina gcráifeacht ach aitheanta daonnaatá de ghlanmheabhair acu,
14 mar sin féach, seo arís mé i gcionn éachta leo,éacht i ndiaidh éachta agus eachtra.Cuirfear eagna a lucht eagna ar ceal,tiocfaidh claochló ar éirim a lucht éirime.”
15 Is mairg dóibh siúd a théann i bhfolach go domhaind'fhonn a seifteanna a cheilt ar an Tiarna,ag beartú a gcealga sa dorchadasagus á rá: “Cé fheiceann sinn ná cé aithníonn sinn?”
16 Bunoscionn atá cúrsaí agaibh!An ionann an criadóir agus a chuid cré?An féidir don déantús a rá faoi fhear a dhéanta:“Ní dá dhéanamh siúd mise”?nó don bpota a rá faoin bpotaire:“Níl ceird ar bith aige”?
17 Achar gairid fós, agus is gairid é,go mbeidh an Liobáin ag tiontú ar ais ina ghairdín,agus gairdín a áireofar ina choill ar a bhoirbe fáis.
18 An lá sin, beidh na focail le clos ag bodhair agus leabhar á léamh,agus as lár an dúcháin agus an dorchadaistiocfaidh radharc i súile na ndall.
19 Beidh gairdeas ar na dearóile as an Tiarna arís,agus aoibhneas ar dhaoine bochta as Neach Naofa Iosrael,