16 Bunoscionn atá cúrsaí agaibh!An ionann an criadóir agus a chuid cré?An féidir don déantús a rá faoi fhear a dhéanta:“Ní dá dhéanamh siúd mise”?nó don bpota a rá faoin bpotaire:“Níl ceird ar bith aige”?
17 Achar gairid fós, agus is gairid é,go mbeidh an Liobáin ag tiontú ar ais ina ghairdín,agus gairdín a áireofar ina choill ar a bhoirbe fáis.
18 An lá sin, beidh na focail le clos ag bodhair agus leabhar á léamh,agus as lár an dúcháin agus an dorchadaistiocfaidh radharc i súile na ndall.
19 Beidh gairdeas ar na dearóile as an Tiarna arís,agus aoibhneas ar dhaoine bochta as Neach Naofa Iosrael,
20 mar ní ann don aintiarna níos mó, tá críoch le fear na fonóide,agus tá lucht drochfhuadair á ndísciú go léir:
21 an dream seo a chiontaíonn duine le focal,a chuireann gaiste i mbealach an bhreithiúin sa gheata,a chuireann cúis chóir ó mhaith le fianaise bhréige.
22 Dá thairbhe sin, is mar seo a labhraíonn an Tiarna,Dia theaghlach Iacóib,an té a rinne Abrahám a fhuascailt:“Ní bheidh náire ar Iacób feasta,ní bheidh sé bán san aghaidh níos mó,