18 An lá sin, beidh na focail le clos ag bodhair agus leabhar á léamh,agus as lár an dúcháin agus an dorchadaistiocfaidh radharc i súile na ndall.
19 Beidh gairdeas ar na dearóile as an Tiarna arís,agus aoibhneas ar dhaoine bochta as Neach Naofa Iosrael,
20 mar ní ann don aintiarna níos mó, tá críoch le fear na fonóide,agus tá lucht drochfhuadair á ndísciú go léir:
21 an dream seo a chiontaíonn duine le focal,a chuireann gaiste i mbealach an bhreithiúin sa gheata,a chuireann cúis chóir ó mhaith le fianaise bhréige.
22 Dá thairbhe sin, is mar seo a labhraíonn an Tiarna,Dia theaghlach Iacóib,an té a rinne Abrahám a fhuascailt:“Ní bheidh náire ar Iacób feasta,ní bheidh sé bán san aghaidh níos mó,
23 óir feicfidh sé saothar mo lámh ina láthairagus déanfaidh sé m'ainmse a naomhú.Beidh Neach Naofa Iacóib á naomhú,beidh eagla roimh Dhia Iosrael.
24 Tiocfaidh lucht an mhearbhall intinne chun tuisceana,agus rachaidh lucht manráin le foghlaim.”