2 ansin cuirfidh mé Airéal i ngéibheann,beidh éagaoin ann agus éagnach.Beidh tú i d'Airéal agam go dearfa, i do thóiteán tine;
3 suífidh mé campa i do choinne mar a rinne Dáiví,cuirfidh mé túir léigir thart timpeall ort,tógfaidh mé claíocha léigir i d'éadan.
4 Beidh tú leagtha ar lár - do ghlór ag labhairt ón talamhagus do chaint ag teacht go húiríseal ón láib.Tiocfaidh do ghlór as an talamh aníos mar bheadh glór taibhse ann,agus do chaint as an láib ina gíogarnach.
5 Ar nós deannach mín a bheidh slua do naimhde ansinagus mar lóchán á shiabadh le gaoth an slua danartha.Agus go tobann, gan choinne,
6 beidh cuairt agat ó Thiarna na Slua,le toirneach, le torann agus le fuaim ollmhór,le doineann agus le hanfa agus lasair de thine loiscneach
7 Mar bhrionglóid agus mar fhís de chuid na hoíchedo shluaite na gciníocha agus iad ag cur cogaidh ar Airéal.
8 Amhail duine ocrach a dhéanann brionglóid go bhfuil sé ag ithe,músclaíonn sé agus a bholg folamh;nó duine tartmhar ag brionglóideach go bhfuil sé ag ól,músclaíonn sé go fannlag agus é spallta;is amhlaidh a bheidh le sluaite na gciníochaa chuireann comhrac ar shliabh Shíón.