8 Amhail duine ocrach a dhéanann brionglóid go bhfuil sé ag ithe,músclaíonn sé agus a bholg folamh;nó duine tartmhar ag brionglóideach go bhfuil sé ag ól,músclaíonn sé go fannlag agus é spallta;is amhlaidh a bheidh le sluaite na gciníochaa chuireann comhrac ar shliabh Shíón.
9 Bígí bómánta agus dobhránta,bígí dall agus caoch;bígí ar meisce, ach ní le fíon,ag tuisliú, ach ní le tréan póite.
10 Óir tá an Tiarna tar éis toirchim suaina dhoirteadh sa mhullach oraibh;thug sé dúnadh ar bhur súile, na fáithe,agus chuir sé dallóg ar bhur gceann, an lucht físe.
11 Tá fís agus fáistine mar bheadh na focail i leabhar séalaithe agaibh anois. Tabhair a leithéid sin de leabhar do dhuine a bhfuil léamh aige agus abair leis: “Léigh sin.” Is é a fhreagraíonn sé: “Ní féidir liom, mar tá an leabhar faoi shéala.”
12 Nó tabhair an leabhar do dhuine nach bhfuil léamh aige agus abair leis: “Léigh sin.” Is é a fhreagra: “Níl léamh agam.”
13 Deir an Tiarna:“De bharr nach dtaobhaíonn an pobal seo mé ach ina gcaint,agus nach dtugann onóir dom ach ó bheola,san áit gur fada uaim atá a gcroíagus nach bhfuil ina gcráifeacht ach aitheanta daonnaatá de ghlanmheabhair acu,
14 mar sin féach, seo arís mé i gcionn éachta leo,éacht i ndiaidh éachta agus eachtra.Cuirfear eagna a lucht eagna ar ceal,tiocfaidh claochló ar éirim a lucht éirime.”