2 gaiscíoch, ceithearnach, breitheamh agus fáidh,fear feasa, seanóir,
3 ceann feadhna, ceannasaí,comhairleoir, draoi agus ceard.
4 “Tabharfaidh mé ógánaigh mar phrionsaí dóibh,agus beidh siad faoi réir ag lucht baoise.”
5 Tá na daoine ag déanamh leatroim ar a chéileagus sin idir comharsana;an gasúr ag caitheamh sotail leis an seanduine,agus an daoscar leis an uasal,
6 ionas go bhfaighidh gach aon greim ar a dheartháir i dteach a athar:“Tá brat agat, bí i do thaoiseach orainn,agus tóg an fothrach seo de theaghlach idir lámha.”
7 Tabharfaidh an fear eile mar fhreagra air, an lá sin:“Ní fear leighis mise,níl arán ná brat i mo theach;ná déanaigí taoiseach díomsa ar an teaghlach.”
8 Go deimhin, tá Iarúsailéim ag dul in ainriocht,tá Iúdá ag titim i bhfothracha,óir, a gcaint agus a ngníomhartha i leith an Tiarna,is masla iad ar a ghlóir.