7 Tabharfaidh an fear eile mar fhreagra air, an lá sin:“Ní fear leighis mise,níl arán ná brat i mo theach;ná déanaigí taoiseach díomsa ar an teaghlach.”
8 Go deimhin, tá Iarúsailéim ag dul in ainriocht,tá Iúdá ag titim i bhfothracha,óir, a gcaint agus a ngníomhartha i leith an Tiarna,is masla iad ar a ghlóir.
9 A sotal féin, is fianaise ina n‑éadan é,déanann siad gaisce as a bpeaca, amhail Sodom.Is trua a gcás,mar rinne siad a gcreachadh féin.
10 Abraigí: “Is méanar don fhíréan,mar íosfaidh sé toradh a ghníomhartha;
11 Is mairg don ainbheartach, tá an t‑olc anuas air,caithfear leis de réir saothar a lámh.”
12 A phobal liom, atá faoi ansmacht gasúraagus faoi anfhorlann ag mná.A phobal liom, tá do lucht rialtais ar seachránagus iad ag milleadh an bhealaigh romhat.
13 Tá an Tiarna ag dul suas chuig a chathaoir bhreithiúnais,tá sé ina sheasamh chun a phobal a chiontú.