1 Is mairg do chlann na ceannairce!- briathar an Tiarna é seo.Tá beart á chur i bhfeidhm acu nach liomsa é,ag snaidhmeadh páirtíochta nár shéid m'anáilse fúithi,ionas go bhfuil cion sa mhullach ar chion á charnadh acu.
2 Tá siad bailithe leo ag tarraingt ar an Éigipt,gan comhairle a iarraidh ó mo bhéal,ag lorg dídine faoi dhídean Fhorainnagus foscadh ar scáth na hÉigipte.
3 Ina hábhar náire agaibh a bheidh an dídean sin Fhorainn,foscadh scáth na hÉigipte ina chúis mearbhaill daoibh;
4 cé go bhfuil a thaoisigh tar éis teacht go Zoan,agus a theachtairí imithe fhad le Hánaes.
5 Tá féiríní ar iompar acu siúd uilechuig pobal nach fearrde iad é,nach dtabharfaidh cabhair ná cúnamh dóibhach náire agus masla.