11 fágaigí an bealach, casaigí i leataobh ón tslí;as ár radharc leis mar Neach Naofa Iosrael.”
12 Ar an ábhar sin a deir Neach Naofa Iosrael:“De bhrí gur beag libh an rabhadh seo,agus go bhfuil bhur muinín sa chamastaíl agus san fheall,agus gurb iad is crann taca agaibh,
13 léireofar daoibh an cion seoa bheith mar a bheadh balla ardagus gág anuas ann,bolg amach air agus é i ríocht titim,a dtagann maidhm air go tobann, i seal faiteadh súl,
14 a bhriseann ar nós soitheach potaireá smísteáil síos gan trua gan taise,- ionas nach bhfuil le fáil sa chonamaroiread agus sligín a chorródh an tine ar an teallachnó a thaoscfadh uisce as an sistéal.”
15 Óir is mar seo a labhraíonn an Tiarna Dia, Neach Naofa Iosrael:San iompú croí agus sa chiúnas a bhí an slánú i ndán daoibh,sa suaimhneas agus sa mhuinín a bhí bhur neart,ach níorbh áil libh.”
16 Dúirt sibh: “Ní amhlaidh! Teithfimid ar muin chapaill!”Go deimhin féin, is ag teitheadh a bheidh sibh!“I gcarbaid mheara a theithfimid!”Maith go leor! Is mear mar a rachfar sa tóir oraibh!
17 Teithfidh míle, agus gan ach duine aonair ag bagairt,bagairt ó chúigear agus teithfidh deich míle,go dtí nach mbeidh fágtha díbhach mar bheadh cuaille ar bharr cnocáin,mar bheadh comhartha ar mhullach sléibhe.