17 Teithfidh míle, agus gan ach duine aonair ag bagairt,bagairt ó chúigear agus teithfidh deich míle,go dtí nach mbeidh fágtha díbhach mar bheadh cuaille ar bharr cnocáin,mar bheadh comhartha ar mhullach sléibhe.
18 Ach tá an Tiarna ag fanacht le hionú an mhaithiúnais,is ar an ábhar sin a éiríonn sé agus a ghlacann trua daoibh;óir Dia cóir is ea an Tiarna,is méanar don dream a bhfuil a súil leis.
19 Sea, a phobal Shíón, a bhfuil cónaí ort in Iarúsailéim, ní bheidh tú ag gol níos mó. Maithfidh sé duit ar chloisteáil do chaoineadh dó, agus tabharfaidh sé toradh air ar an toirt.
20 Cé go dtugann an Tiarna duit arán na hanbhuaine agus uisce na duainéise, an té a theagascann thú, ní cheilfidh é féin feasta, agus feicfidh do shúile an Té a theagascann thú.
21 Cloisfidh do chluasa an focal seo i do dhiaidh: “Seo an bealach, leanaigí é”, cuma ar dheis nó ar chlé a chasfaidh sibh.
22 Measfaidh tú ansin gur neamhghlan do phlátáil airgid do chuid íol agus do chlúdach óir do chuid dealbh. Caithfidh tú uait iad mar bheadh rud truaillithe ann; “Gread leat!” a déarfaidh tú leo.
23 Agus tabharfaidh sé báisteach le haghaidh an tsíl a chuirfidh tú sa talamh, agus an t‑arán a thugann an talamh uaidh, beidh sé blasta agus beathúil. Beidh do chuid eallaigh ag innilt an lá sin ar fhéarach leathan.